Getting dressed
In The Morning >
Getting dressed
Getting dressed
An gcuirfidh tú ort do chuid éadaigh féin inniu?
[An gcuirfidh tú ort do chuid éadaigh féin ar maidin?]
Gléas tú féin anois.
[Cuir ort do chuid éadaigh anois.]
Cuir ort...
Put on ...
Put on ...
Lig dom cabhrú leat.
An gcabhród leat?
[An gcabhróidh mé leat?]
Cabhród leat do veist a chur ort.
[Cabhróidh mé leat do veist a chur ort.]
Where are the clothes?
Where are the clothes?
An bhfuil tú ag iarraidh geansaí?
Seo geansaí duit.
[Seo do gheansaí.]
An bhfuil geansaí uait?
Seo geansaí dhuit.
[Seo dhuit do gheansaí.]
Caith é seo cé bith.
[Cuir ort an geansaí seo.]
I want to wear that!
I want to wear that!
Níl sé tirim go fóill.
[Níl sé tirim go leor go fóill.]
Thig leat T-léine ar bith a chur ort ach amháin an ceann sin. /
Tá sí sin salach.
[Thig leat do rogha T-léine a chur ort ach amháin an ceann sin.]
Féadfair do rogha T-léine a chaitheamh seachas an ceann san. /
Tá sí sin salach.
[Féadfair aon T-léine eile ach é sin a chaitheamh.]
Tá sí lán le clábar.
[Tá sí iontach salach. / Tá sí róshalach.]
Tá sí bréan. Tá sí lán de phluda.
[Tá sí lán de chéir.]
Níl sé te a dhóthain don aimsir seo.
Cuir ort é seo arís inniu.
[Caith é seo arís inniu.]
Cuimhnigh ar an bpictiúr a bheith chun tosaigh.
[Cuimhnigh ar an bpictiúr a bheith ar do thosach.]
Ba cheart an lipéad a bheith taobh thiar.
[Ba cheart an lipéad a bheith ar chúl.]
Tá do léinidh istigh is amuigh ort. Tá sí sin istigh is amuigh ort. / Tá sin ag tiontú amach ort.
[Tá sé sin tiontaithe amach ort. / Tiontaigh sin amach ort.]
Imigh isteach agus taispeáin tú féin do Dhaidí.
[Imigh isteach agus taispeáin tú féin do Mhamaí.]
Socks and shoes
Socks and shoes
Faigh péire stocaí ón tarraiceán.
[Faigh péire stocaí ó mhála na stocaí.]
Cas do stoca. Tá an tsáil ar an alt agat.
[Tá an tsáil ar an rúitín agat.]
Tá do bhróga ar an mata ag an gcúldoras.
[Tá do bhróga ar an mata ag cúldoras an tí.]
A dhiabhail! Caithfimid na bróga reatha seo a ghlanadh!
Tá siad clúdaithe le pluda.
[Tá siad lán de phluda.]
Millfidh tú iad ag iarraidh iad a chur ort gan an strapa foscailte.
[Millfidh tú iad ag iarraidh iad a chur ort gan na barriallacha foscailte.]
Loitfir iad ag iarraidh iad a chur ort gan an strapa oscailte.
[Loitfir iad ag iarraidh iad a chur ort gan na barriallacha oscailte.]