Ag labhairt leis an múinteoir
Ar Scoil >
A word with the teacher
Ag labhairt leis an múinteoir
Dhearúdamar na bróga rince.
Tiocfaidh mé thar n-ais leo níos déanaí.
[Dhearúdamar na bróga damhsa.]
Tá slaghdán air.
Tá casachtach air.
Bhí tinneas ina bholg aréir.
Bhí teocht ard aige i rith na hoíche.
[Bhí pian ina bholg aréir.]
Déarfainn go bhfuil sé ceart go leor anois ach b’fhéidir go gcoinneofá súil air, le do thoil.
[Déarfainn go bhfuil sí ceart go leor anois ach b’fhéidir go gcoinneofá súil uirthi, le do thoil.]
Déarfainn go bhfuil sé ceart go leor anois, ach b’fhéidir go gcoimeádfá súil air le do thoil.
[Is dócha go bhfuil sí ceart go leor anois ach b’fhéidir go gcoimeádfá súil uirthi, le do thoil.]
Tá slaghdán uirthi.
Tá casachtach uirthi.
Bhí pian ina bolg aréir.
Bhí teocht ard aici i rith na hoíche.
[Bhí tinneas ina bolg aréir.]
[An dtig le hEoin sos a thógáil ón gcorpoideachas?
Tá a chos gortaithe.]
[An féidir le hEoin sos a thógaint ón gcorpoideachas?
Tá a chois gortaithe.]
[Caithfidh Dáiríne a ghabháil go dtí an fiaclóir ar a haon déag a chlog. Tiocfaidh mé le Dáiríne a fháil ar a ceathrú go dtí a haon déag.]
[Caithfidh Dáiríne dul go dtí an bhfiaclóir ar a dó dhéag a chlog. Tiocfaidh mé chun í a fháil ar a leathuair tar éis a haon déag.]
[Thit Sorcha inné agus ghortaigh sí a lámh. Ní bheidh sí ábalta aon scríbhneoireacht a dhéanamh inniu.]
Thit Muiris inné agus ghortaigh sé a lámh.
Ní bheidh sé ábalta ach gráinnín scríbhneoireachta a dhéanamh inniu.
[Ní bheidh sé ábalta ach rud beag scríbhneoireachta a dhéanamh inniu.]
We didn’t get a chance to buy the book yet.
Ní bhfuair muid seans an leabhar a cheannach fós.
Tá mé buartha fá mo mhac. Tá mé buartha fá Shéamas.
Tá mé buartha fá m’iníon. Tá mé buartha fá Bhríd.
[Tá mé buartha fá mo ghasúr.]
Cén t-am a bheas na ranganna veidhlín ar siúl?
[Cén t-am a bheas an veidhlín ar siúl?]
Go raibh míle maith agat as an gcabhair ar fad.
[Go raibh míle maith agat as do chuid cabhrach ar fad.]