Tá mé ag iarraidh é sin a chaitheamh!
Ag Gléasadh >
I want to wear that!
Tá mé ag iarraidh é sin a chaitheamh!
Níl sé tirim go fóill.
[Níl sé tirim go leor go fóill.]
Thig leat T-léine ar bith a chur ort ach amháin an ceann sin. /
Tá sí sin salach.
[Thig leat do rogha T-léine a chur ort ach amháin an ceann sin.]
Féadfair do rogha T-léine a chaitheamh seachas an ceann san. /
Tá sí sin salach.
[Féadfair aon T-léine eile ach é sin a chaitheamh.]
Tá sí lán le clábar.
[Tá sí iontach salach. / Tá sí róshalach.]
Tá sí bréan. Tá sí lán de phluda.
[Tá sí lán de chéir.]
Níl sé te a dhóthain don aimsir seo.
Cuir ort é seo arís inniu.
[Caith é seo arís inniu.]
Cuimhnigh ar an bpictiúr a bheith chun tosaigh.
[Cuimhnigh ar an bpictiúr a bheith ar do thosach.]
Ba cheart an lipéad a bheith taobh thiar.
[Ba cheart an lipéad a bheith ar chúl.]
Tá do léinidh istigh is amuigh ort. Tá sí sin istigh is amuigh ort. / Tá sin ag tiontú amach ort.
[Tá sé sin tiontaithe amach ort. / Tiontaigh sin amach ort.]
Imigh isteach agus taispeáin tú féin do Dhaidí.
[Imigh isteach agus taispeáin tú féin do Mhamaí.]